Mícheál Ó Muircheartaigh - Scoil DF 2016

Go to content

Main menu:

Mícheál Ó Muircheartaigh

Ocáidí Anuraidh

Cuairt ó Mhícheál Ó Muircheartaigh

Tháinig Mícheál Ó Muircheartaigh chuig na scoile le déanaí. Bhí alán ceoil, canadh agus damhsa againn ar an lá. Labhair sé linn agus spreag sé na páistí chun leanacht ar aghaidh ag labhairt Gaeilge. Thug sé corn álainn dúinn mar spreagadh. Amach as seo beidh Corn Uí Mhuircheartaigh á bhronnadh ar dhalta amháin a dhéanann sár-iarracht leis an nGaeilge gach téarma.

An oíche sin, bhí sé mar aoi oinigh ag Tráth na gCeist a bhí eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí i Rouses Bar. Ba shiamsóir iontach é agus d'fhoghlaim chuile dhuine a bhí i láthair an-chuid firicí shuimiúla faoi na Cluichí Gaelacha. Bhí réimse leathan duaiseanna ar fáil ann freisin. Bhí an-oíche againn! Míle Buíochas le Mícheál, Rouses Pub agus na heagraí go léir.

 
 
 
 
Back to content | Back to main menu