top of page

Ceisteanna Coitianta

  • Why should you choose a Gaelscoil? Cén fath gur chóir Gaelscoil a roghnú?
    1. Your child will learn Irish in a fun way. They will enjoy learning the language through songs, games and sports and they will be proud to speak it. Foghlaimeoidh bhur bpáistí an Ghaeilge i mbealaí spraoiúil. Bainfidh siad taitneamh as an dteanga a fhoghlaim agus beidh siad an-bhródúil as í a labhairt. 2. International reseach shows that bilingualism helps cognitive and intellectual development of the child. Taispéanann taighde idir náisiúnta fianise go gcabhraíonn an dátheangachas le forbairt chognaíochta agus intleachta an pháiste. 3. Blilingualism is often linked to improving a persons confidence and self esteem. Go minic cuireann an dátheangachas le féin mheas agus muinín an duine. 4. Children that speak Irish have an excellent understaning of their culture and themselves as Irish and European citizens. There is a chance they will have a better understanding and respect for people that come from other cultures and that speak different languages. Bíonn tuiscint ag páistí a labhraíonn Gaeilge ar ár gcúltúr agus iad féin mar Éireannaigh agus mar saoránaigh na hEorpa. Tá seans níos mó ann go mbeidh tuiscint níos fearr acu agus meas acu ar daoine a thagann ó tíortha eile agus a labhraíonn teangacha difriúla. 5. Children that go to a Gaelscoil are at an advantange when they move on to second level education, there is evidence to show that they succeed. Tá buntáist faoi léith bainte le páistí a freastlaíonn ar bhunsoil lán gaeilge nuair a théann siad ar aghaigh go dtí an mheánscoil, tá fianise ann a thaispéanann go n-éiríonn níos fearr leo.
  • What if my child doesn't speak Irish? Cad faoi muna labhraíonn mo pháiste Gaeilge?
    We understand that the majority of children do not already have Irish when starting school. We always welcome new students. Teachers use a range of strategies to help the childrens understanding. Soon the children begin to use the Irish they have learned at school and they will be happy to help you too. Tuigimid nach bhfuil an Ghaeilge ag fórmhar na bpáistí. Cuireann na múinteoirí fáilte roimh páistí nua i gconaí. Baineann na múinteoirí úsaíd as straitéisí éagsúla le cabhrú le tuiscint na páistí. De réir a chéile tosóidh siad ag úsáid an Ghaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil agus beidh siad sásta cabhrú libh freisin.
  • I don't speak Irish and I am worried I won't be able to help with the homework. Ní labhraím Gaeilge agus táim buartha nach mbeidh mé in ann cabhrú leis an obairbhaile.
    It is unnecessary to be a fluent speaker as a parent of a child attending a Gaelscoil. You will be amazed at how much you will remember or learn along with your child. There is more information to be found at www.irishforparents.ie Ní gá duit a bheith líofa. Breathnaigh ar www.irishforparents.ie agus cabhróidh sé leat.
  • Céard é éiteas na scoile?
    Is bunscoil lán-Ghaelach Caitliceach mheascaithe í Gaelscoil na gCeithre Maol. Feidhmíonn ár scoil faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta. Tá sé mar aidhm ag Gaelscoil na gCeithre Maol timpeallacht thaitneamhach, shábháilte agus dea-eagraithe a chothú. Timpeallacht inar féidir leis na páistí atá faoinár gcúram forbairt go hiomlán, go spioradálta, go fisiciúil, go cultúrtha agus go hintleachtúil. Aidhm eile atá ag Gaelscoil na gCeithre Maol ná an maitheas i ngach páiste a chothú trí luachanna Críostaí. Bíonn an reiligiún Caitliceach á múineadh againn agus réititear na páistí do na sacraimintí. Cothaítear meas agus cúram dár dtimpeallacht i bpobal iomlán na scoile. Is í an Ghaeilge teanga na scoile. Glacann na páistí páirt i ngach rud ar scoil trí mheán na Gaeilge. Is é aidhm na scoile ná cultúr Ghaelach a chothú, go mbeadh an ceol, an rince agus na cluichí Gaelacha mar chuid larnach den churaclam. Táimid ag iarraidh go mbeadh comhphobal na scoile, bródúil as an nGaelscoil agus go bhfágfaidh ar bpáistí an scoil le meon dearfach i leith an oideachais trí Ghaeilge agus cultúr na hÉireann. Is é mana na scoile ná ‘Ní neart go chur le chéile’.
  • Tá riachtanais speisialta ag mo pháiste, a bhfuil gaelscoil oiriúnach dó/di?
    Déanaimid ár ndicheall cinntiú go mbaineann gach duine a gcumais amach. Geobhaidh siad oideachas oiriúnach trí mhéan na Gaeilge bunaithe ar a gcuid talún agus a gcumas fhéin. Faigheann ár scoil an méid céanna achmhainní is a fhaigheann scoileanna eile cosúil le tacaíocht CRS, múinteoirí oideachas speisialta srl. Tá go leor taighde déanta in Éirinn agus i dtíortha eile faoi riatchtanais speisialta i suíomhanna dátheangacha agus tá tuilleadh eolais le fáil anseo: www.gaeloideachas.ie
  • Cá bhfuil Gaelscoil na gCeithre Maol?
    Tá Gaelscoil na gCeithre Maol suite i lár Béal an Átha. Tá dhá bhealach isteach. Tá an príomh bhealach isteach ar chearnóg an mhargaidh os comhair Tesco. Tá ceann eile ar sráid an Phóna, in aice leis an stáisiún dóitéain.
  • Cén t-am a osclaíonn an scoil?
    Osclaíonn na geataí ag 8:30 rn. Tosaíonn an scoil ag 8:40 rn. Críochnaíonn lá scoile na Naíonáin ag 1:20 in. Críochnaíonn lá scoile rand 1-6 ag 2:20 in. Leanann an club iar-scoile ar aghaidh go dtí 4:20 in.
  • Cén cineál áiseanna atá ag Gaelscoil na gCeithre Maol?
    Tá Gaelscoil na gCeithre Maol lonnaithe ar suíomh mór i lár an bhaile mór. Tá clós mór, páirc peile mór, seomraí ranga, seomraí oideachas speisialta, leabharlann, seomra Aistear agus seomra club iar-scoile againn. Tá spóirt agus na healaíonta riachtanach mar chuid den curclam. Tá go leor áiseanna teicneolaíochta againn – cláracha idirgníomhacha, ríomhairí agus táibléidí srl. Mar gheall go bhfuil áit lárnach againn sa bhaile mór, tugann sé deis iontach dúinn freasatal ar imeachtaí éagsúla a mbíonn ar siúl sa leabharlann, Iarsmalann Seán Ó Cléirigh agus an ionad ealaíona. Bíonn tacaíocht breise ar fail ó na scéimeanna DEIS agus school completion programme. Chomh maith le sin glacaimid páirt in Erasmus, tugann sé seo deis do na páistí taisteal thar lear.
  • An bhfuil club iar-scoile agaibh?
    Tá. Ritheann an chlub ó Luan go Aoine. Críochnaíonn sé ag 4:20in gach lá.
  • Conas gur fédir liom tuilleadh eolais a fháil?
    Táimid breá sásta ceist ar bith a fhreagairt. Is féidir glaoch a chur ar an scoil ar 096 73828 nó 087 9152568. Is féidir coinne a eagrú le Príomhoide na scoile nó ríomhphoist a sheoladh chuig scoilnagceithremaol@yahoo.ie
bottom of page