
Erasmus + Sharing Stories, Sharing Culture
Tá an scéalaíocht uilíoch agus chomh sean leis an gcine daonna. Sula raibh scríobh ann, bhí scéalaíocht ann.
Tarlaíonn sé i ngach cultúr agus cuireann sé siamsaíocht agus eolas dúinn.
Tá sé mar aidhm againn daoine a nascadh níos dlúithe le chéile trí shaol ficseanúil a fhiosrú agus cosúlachtaí i scéalta a lorg agus a phlé.
Is iad na príomhchuspóirí atá againn
-
Foghlaim faoi thraidisiúin scéalaíochta agus tuiscint a fháil ar cad a insíonn scéalta dúinn fúinn féin thar na haoiseanna agus na teorainneacha.
-
Scileanna sóisialta a fhorbairt trí scéalta, miotais agus finscéalta a roinnt.
-
Scileanna teanga agus cumarsáide a feabhsú.
-
Cuirfidh múinteoirí lena scileanna teagaisc trí foghlaim, comhairle agus modheolaíochtaí teagaisc a mhalartú.
-
Le linn ghníomhaíochtaí an tionscadail ba mhaith linn go bhfaigheadh ár ndaltaí tuiscint, caoinfhulaingt agus comhbhá do dhaoine eile trí mheas ar dhifríochtaí cultúrtha.
-
Comhoibriú ar ghníomhaíochtaí
-
Feabhsófar scileanna digiteacha agus TF. Bainfidh rannpháirtithe úsáid as meáin éagsúla chun scéalta a roinnt, i.e. ríomhleabhar/PDF, físeán, closscéal.
I mbeagán focal, trí scéalta a roinnt, a phlé agus a anailísiú tá súil againn go mbeidh tuiscint níos fearr ar a chéile – ar ár gcultúr. Aithneoimid ár gcomhluachanna agus ár n-oidhreacht chultúrtha trí thuiscint go bhfuil níos mó i gcoiteann againn ná mar atá difríochtaí againn.